Jump to content

Sherbrooke, Québec

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSherbrooke, Québec

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 45° 24′ N, 71° 54′ O / 45.4°N,71.9°W / 45.4; -71.9
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaQuébec
Réigiún riaracháin in QuébecEstrie Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán172,950 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús471.13 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deEastern Townships (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla367.1 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Saint-François agus Abhainn Magog Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Gilbert Hyatt Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1793
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód819 agus 873 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinville.sherbrooke.qc.ca Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i ndeisceart Chúige Québec, i gCeanada, is ea Sherbrooke. Tá sé suite san áit ina dtagann na haibhneacha Saint-François agus Magog le chéile sa limistéar riaracháin (Fraincis: région administrative) Estrie. Bhí 153,384 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2009, an séú cathair is mó i gCúige Québec. Tá timpeall agus 194,555 duine i mórcheantar Sherbrooke.

Is é Sherbrooke príomhionad an gheilleagair, na polaitíochta, cúrsaí cultúir agus institiúidí de gach aon chineál in Estrie, agus mar sin Ríon na mBailecheantar Thoir a thugtaí ar an gcathair timpeall casadh na 20ú haoise. (“Na Bailecheantair Thoir” an t-ainm a thugtaí ar an gcuid sin de Québec sular cumadh an t-ainm Estrie ón bhfocal Fraincise est, nó oirthear.) Déanann 40,000 mac léinn a gcuid staidéar ag Ollscoil Sherbrooke (Úniversité de Sherbrooke) gach bliain. Oibríonn 11,000 duine ag ranna éagsúla na hollscoile. Tá ollscoil níos lú ann freisin a fhreastalaíonn ar Bhéarlóirí, mar atá Bishop's University. Tá sléibhte agus locha i gceantar Sherbrooke agus tá páirc mhór sa chathair féin darb ainm Mont-Bellevue ina ndéantar sciáil le fána sa gheimhreadh.

Bunaíodh Sherbrooke sa bhliain 1793. Dílseoirí Meiriceánacha, agus iad ar an teitheadh ón gCogadh Réabhlóideach, a chéadchuir fúthu san áit. Orthu sin bhí feirmeoir ó Schenectady, Nua-Eabhrac darbh ainm Gilbert Hyatt, fear a chuir muileann plúir ar siúl. “Hyatt’s Mills” an t-ainm a bhí ar an sráidbhaile go dtí an bhliain 1818 nuair a athbhaisteadh é in onóir Ghobharnóir Ginearálta Cheanada, Sir John Sherbrooke, ar ócáid a fhillte go Sasana. Sa bhliain 2002, cuireadh Sherbrooke agus roinnt bailte beaga le chéile le hionad riaracháin amháin a dhéanamh díobh.

As Sherbrooke do Jean Charest, iar-phríomhaire Québec, agus Conrad Black, fear gnó agus údar.

Nasc seachtrach

[cuir in eagar | athraigh foinse]